Fáilte romhat! This site presents a range of crosswords in Irish which can be completed on-line or printed onto paper. The reader may register if they wish to save a partially completed crossword and return to it later, but there is no requirement to do so. There are some simpler games ( Wordsearch, Hangman and Maze ) linked to this site.
Tá sé mar chuspóir againn cartlann de chrosfhocail sa Ghaeilge a chur ar bun, ionas gur féidir leis an léitheoir iad a dhéanamh ar líne nó ar phár i ndiaidh priontála. Is crosfhocail réamhfhoilsithe ó éagsúla atá aimsithe againn go fóill. Tá sa chartlann faoi láthair agus cuirtear le seo ó am go chéile. ... léigh níos lú ...
Más mian leat is féidir clárú le d'ainm nó le leasainm. Níl aon sonraí pearsanta i gceist. An buntáiste is mó ná gur féidir filleadh ar chrosfhocal nach bhfuil críochnaithe agat. Moltar duit leasainm beagáinín casta a úsáid ionas nach n-úsáidigh duine eile an leasainm céanna. ... léigh níos lú ...
Tá na crosfhocail seo sa Chló Gaelach — is é sin UḂ mar fhocal 2-litir i gcomparáid le UBH, focal 3-litir sa Chló Rómhánach. Foilsíodh na crosfhocail seo ar dtús san iris Corca Dhuibhne Beo — KerryLive. Crosfhocal 9 x 9 cillín atá againn anseo. Tá nod beag Béarla ar fáil sa leagan ar líne. Don leagan ar pháipéar tá marc an tsínidh fhada (i leith guta fada) agus an phoinc (i leith consain séimhithe) curtha sa chillín roimh ré mar chabhair bhreise. Le caoinchead an údair tá sa chartlann faoi láthair. ... léigh níos lú ...
Nuachtán seachtainiúil Gaeilge ab ea Gaelscéal a fhoilsíodh idir 2010 agus 2013, le crosfhocal leagtha amach ar eangach 13 x 13 cillín. Tá sa chartlann faoi láthair. ... léigh níos lú ...
Nuachtán seachtainiúil Gaeilge ab ea Foinse a fhoilsíodh idir 1996 agus 2009. Bhí dhá shraith de chrosfhocail ann. Bhí an chéad shraith faoi urraíocht Bord Soláthair an Leictreachais (Foinse A thuas) agus tá sa chartlann faoi láthair. Iarnród Éireann a thug an duais don dara shraith (Foinse B thuas). atá sa chartlann faoi láthair. ... léigh níos lú ...
Iris Ghaeilge ab ea Agus a d'fhoilsigh Gaedhealachas Teoranta, Gleann Maghair, Corcaigh. Tá sa chartlann faoi láthair. ... léigh níos lú ...
D'fhoilsigh Coiscéim dhá leabhar crosfhocal i 1999 le Antóin Mac an Fhailghigh. Tá an chuid is mó díobh leagtha amach ar eangach 10 x 10 cillín. Le caoinchead an údair táid go léir () sa chartlann. ... léigh níos lú ...
Nuachtiris Mhíosúil Phobal na Gaeilge ab ea Saol. Tá sa chartlann faoi láthair. ... léigh níos lú ...
D'fhoilsigh Glór na nGael leabhar crosfhocal i 2007 Nodanna don Eolach le Eoghan Mac Cormaic. Tá an leabhar dírithe ar fhoghlaimeoirí agus tá pictiúir ag dul le gach nod mar chúnamh breise. Le caoinchead an údair táid go léir () sa chartlann. ... léigh níos lú ...
Bunaíodh Feasta in 1948 faoi chúram Conradh na Gaeilge. Tá an iris á fhoilsiú uair sa mhí ó shin. atá sa chartlann faoi láthair — Ficheall Focal 72, Meitheamh 1990. ... léigh níos lú ...
... léigh níos lú ...
Is minic a bhíonn deacracht litreacha áirithe san aibítir Ghaeilge (e.g. Á, É, Í, Ó, Ú) ... léigh níos mó ... a chur isteach leis an méarchlár caighdeánach (Béarla). Thairis sin tá na consain bhuailte (Ḃ, Ċ, Ḋ, Ḟ, Ġ, Ṁ, Ṗ, Ṡ, Ṫ) riachtanach i líonadh an chrosfhocail sean-nóis agus is beag taithí i scríobh na gconsan seo atá sa lá inniu. Tugtar rogha de dhá chóras don léitheoir, a bhfuil an deacracht seo aige, chun teacht slán as. Úsáidtear an deilbhín chun aistriú idir an méarchlár caighdeánach (Béarla) agus an méarchlár Gaeilge. ... léigh níos lú ...
... léigh níos lú ...
Ár mbuíochas do na húdair go léir a chum na crosfhocail agus do na daoine a d'fhoilsigh iad don chéad uair. Ach le himeacht na mblianta, údair anaithnide agus comhlachtaí foilseachán nach bhfeidhmíonn a thuilleadh, tá sé deacair cead cóipchirt a dheimhniú, agus fiú teacht ar an mbunábhar. Táimid buíoch do Bob Burke, bailitheoir crosfhocal, a roinn a stór fairsing linn. ... léigh níos lú ...
Ba chóir go n-oibreodh an suíomh seo ar na brabhsálaithe nua-aimseartha. Faraor tá roinnt de na crosfhocail ró-mhór don scáileán beag. ... léigh níos lú ...
Deise Abu 007 (ag) gmail (ponc) com — (gan na spásanna).
Samhain 2022... léigh níos lú ...